Cookie Settings

PLEAN TUILTE A CHRUTHÚ

Má tá cónaí ort i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte, is fiú i gcónaí plean tuilte a chruthú don teaghlach le go mbeidh a fhios ag gach duine a bhfuil le déanamh má tharlaíonn tuile. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis má tá daoine atá an-óg nó sean ina gcónaí leat. Tá roinnt moltaí anseo thíos don phlean.

  • Coinnigh liosta d’uimhreacha éigeandála gar don fhón, nó i gcuimhne an fhóin nó d’fhóin póca.
  • Réitigh paca i gcás tuilte agus bí cinnte go bhfuil a fhios ag gach duine cá mbíonn sé. Ba cheart go mbeadh tóirse, éadaí teo agus uiscedhíonacha, raidió cadhnra nó tochrais, miotóga rubair, buataisí báistí, fearas garchabhrach agus pluideanna ann.
  • Déan liosta de na hearraí riachtanacha a theastóidh ó na páistí má bhíonn oraibh an teach a fhágáil. Cuir i gcás bainne, bia naíonán, buidéil steirilithe, clúidíní, an teidí nó bréagán is ansa leo.
  • Cuimhnigh ar na hearraí is luachmhaire agus is ansa leat. Déan liosta díobh agus bí cinnte go bhfuil a fhios agat cá bhfuil siad ionas gur féidir leat iad a bhogadh go háit shábháilte go tapa.
  • An dteastaíonn cógas ó aon duine? Ná déan dearmad é a thabhairt leat.
  • Gás agus leictreachas: bíodh a fhios agat cá múchtar iad. An mbeifeá in ann teacht orthu sa dorchadas?
  • Má bhíonn oraibh an teach a fhágáil, cá ngabhfaidh sibh? An mbeidh sibh in ann dul chomh fada leis, ag cuimhneamh go bhféadfadh an tuile roinnt bóithre a bhlocáil.
  • Má tá daoine atá sean nó faoi mhíchumas sa teach, cén chaoi a dtiocfaidh siadsan amach as an teach go sábháilte?
  • Ná déan dearmad ar na peataí.  Cinntigh go bhfuil áit éigin sábháilte agat chun iad a chur.  Más gá an teach a fhágáil, an féidir iad a thabhairt libh, nó an gcaithfear iad a chur áit éigin eile?

Comhairle ar leith do Sheandaoine

Más seanduine thú atá i do chónaí leat féin, cuimhnigh ar a ndéanfá i gcás tuile. An bhféadfá fanacht le daoine muinteartha nó cairde leat? Mura bhféadfadh, d’fhéadfadh an t-údarás áitiúil sláintiúil lóistín a eagrú duit. Seo roinnt réamhchúraimí le glacadh ar fhaitíos go dtarlódh tuile:

 

  • Pleanáil bealach éalaithe, go háirithe má tá tú i mbungaló nó íoslach.
  • Má chónaíonn tú i dteach ar a bhfuil glas ar na fuinneoga, coinnigh eochair thuas staighre i gcónaí ionas go mbeidh tú in ann daoine a scaoileadh isteach más gá.
  • Déan liosta d’uimhreacha úsáideacha agus coinnigh in áit shábháilte é. Bíodh siad seo ar an liosta:

– Daoine muinteartha agus comharsana a d’fhéadfadh cabhrú leat.
– D’Údarás Áitiúil agus an stáisiún Gardaí.
– Do Sheirbhísí Sláinte Áitiúla.
– Do chuideachta árachais agus uimhreacha éigeandála.

My Floodplan (PDF)