Cookie Settings

I RITH TUILE

Má tá do cheantar i mbaol mar gheall ar thuile, féadfaidh tú cúpla rud a dhéanamh chun an damáiste a dhéanfar do do theach a laghdú oiread agus is féidir, ach cuimhnigh gurb í an tsábháilteacht is tábhachtaí agus is riachtanaí i gcónaí.

Sábháilteacht Ghinearálta

  • Ná déan iarracht siúl ná tiomáint trí thuile.
  • Ná teagmhaigh leis an uisce má féidir, d’fhéadfadh sé a bheith éillithe nó truaillithe.
  • Bí cúramach má tá tú ag siúl trí uisce éadomhain – d’fhéadfadh gur baineadh clúdaigh dúnphoill nó go mbeadh contúirtí eile faoin uisce nach féidir leat a fheiceáil.
  • Ná déan iarracht riamh snámh trí uisce atá ag sreabhadh go tapa – d’fhéadfadh go scuabfaí chun bealaigh thú nó go mbuailfeadh rud éigin san uisce fút.
  • Caith éadach oiriúnach má tá tú ag obair i dtuile nó in aice le ceann.

Taobh Amuigh de do Theach

  • Bog do charr go talamh ard más féidir.
  • Bog aon cheo a choinnítear taobh amuigh, ar nós troscán gairdín, go talamh níos airde. Cuimhnigh go bhféadfadh tuile dul isteach i do gharáiste mar sin bog aon cheimiceáin nó breoslaí chun a chinntiú nach ndoirteann siad isteach san uisce agus damáiste a dhéanamh.
  • Díphlugáil aon naisc leictreacha sheachtracha, ar nós soilse taobh amuigh, pumpaí i locháin agus scagairí.

Taobh Istigh de do Theach

  • Bog earraí luachmhara agus rudaí eile go háit shábháilte. Cuir iad os cionn leibhéal na tuile nó thuas staighre.
  • Bain earraí atá i dtroscán nach féidir a bhogadh agus cuir suas staighre iad.
  • Bain na cuirtíní má tá am agat – mura bhfuil, ceangail os cionn an ráille cuirtíní iad.
  • Cuir málaí gainimh áit ar bith a bhféadfadh an t-uisce teacht isteach.
  • Múch an gás agus an leictreachas.
  • Dícheangail soirn, innill níocháin, miasniteoirí, etc., atá ceangailte le píopaí droimneacha ionas nach ndéanfar damáiste don mheaisín ná do na píopaí.
  • Stóráil gairis leictreacha thuas staighre nó os cionn leibhéal na tuile.
  • Bíodh cógas ar láimh agat (más gá).