Cookie Settings

I NDIAIDH TUILE

Bí cúramach i gcónaí agus tú ag dul isteach i bhfoirgneamh tar éis tuile. D’fhéadfadh an bhunsraith a bheith níos laige i ndiaidh tuile agus d’fhéadfadh gur bogadh earraí troma agus nach bhfuil siad suite go daingean níos mó.
Iarr ar shaineolaí aon seirbhís leictreachais, gáis nó breosla a sheiceáil sula gcastar ar siúl arís iad.

Ba cheart duit na réamhchúraimí seo a ghlacadh:

  • Glac leis go bhfuil na línte cumhachta ar fad beo – seiceáil go bhfuil an chumhacht sa teach múchta sula ndéantar aon rud.
  • Seiceáil an bhfuil boladh gáis san áit agus cinnte go múchtar an phríomhlíne.
  • Breathnaigh ar an tsíleáil nuair a théann tú isteach i seomra agus seiceáil an bhfuil aon scoilteanna nó at le feiceáil. Bíonn plástar fliuch an-trom agus d’fhéadfadh sé struchtúr an tí a chur i mbaol.
  • Má tá d’íoslach faoi uisce, ná bíodh deifir mhór ort an t-uisce a bhaint. Má tá an talamh taobh amuigh báite d’fheadfaí brú míchothrom a chur ar bhallaí an íoslaigh, agus d’fhéadfadh fadhbanna struchtúrtha eascairt as sin.
  • Bí cúramach nuair atá aon smionagar á bhogadh agus iarr cúnamh má tá earraí troma nó nach bhfuil socair á mbogadh ar fhaitíos go dtitfidís agus go mbeifeá i bhfostú acu nó go mbrúiscfí thú.
  • Ná gabh isteach in aon fhoirgneamh a bhfuil go leor dríodair taobh istigh de nó ag luí ina choinne, mar go bhféadfadh an struchtúr a bheith míshocair.
  • Bí cúramach nuair atá tú ag siúl thart taobh istigh den teach: bíonn sé deacair contúirtí atá i bhfolach in uisce bodhar a fheiceáil.
  • D’fhéadfadh miocrorgánaigh pórú in uisce bodhar agus d’fhéadfaí iad a scaoileadh isteach san aer nuair a bhogtar an t-uisce. D’fhéadfaidís an tsláinte a chur i mbaol má análaítear iad. Bain gach rud as an uisce a luaithe is féidir agus bíodh masc cosanta ort má tá plúchadh ort nó má bhíonn fadhbanna agat le do chliabhrach.
  • Ná déan dearmad go bhféadfadh an t-uisce a bheith éillithe nó truaillithe – glan do chuid lámh le díghalrán má bhíonn uisce ón tuile nó smionagar gláir orthu ar chor ar bith.

Nuair atá tú cinnte go bhfuil sé sábháilte dul isteach i do theach, caithfear cúpla rud a dhéanamh sula dtosaíonn tú ag glanadh:

  • Taifead an damáiste a rinne an tuile le grianghraif agus/nó físeán.
  • Marcáil an leibhéal is airde ag a raibh an t-uisce ar na ballaí mar thagairt.
  • Seiceáil le do chuideachta árachais. Íocfaidh siadsan go hiondúil as aon ábhar a chaithfear a bhaint, as glantachán agus as díghalrú i ndiaidh tuile.
  • Bí cinnte i gcónaí gur thug do chuideachta árachais cead d’aon obair atá le déanamh sula dtugtar faoi.