Cookie Settings

DO THEACH A ATHCHÓIRIÚ – DEISIÚCHÁIN

Nuair atá tógálaí nó comhlacht athchóirithe á roghnú agat, bí cinnte costas na hoibre a iarraidh ar chúpla dream agus iarr orthu i gcónaí teistiméireachtaí nó deimhniú ar bhallraíocht i gcomhlachtaí trádála a thabhairt duit. Fainic tógálaithe a théann ó dhoras go doras mar go bhféadfadh nach bhfuil siad cáilithe. Bí cinnte i gcónaí gur cheadaigh do chuideachta árachais aon obair atá le déanamh.

Obair bhrící

  • Fiú i ndiaidh don teach triomú, d’fhéadfadh go mbeadh na brící tais. Is é an bealach is fearr lena dtriomú ná trí ghalú nádúrtha. Oscail na gaothairí aeir ar fad chun dlús a chur leis an bpróiseas.
  • Coinnigh súil amach le haghaidh scoilteanna sna ballaí mar gur féidir le brící crapadh nó scoilteadh agus iad ag triomú.
  • Ná cuir péint ar na brící go dtí go bhfuil siad go hiomlán tirim.
  • D’fhéadfá púdar bán a bhreathnaíonn saghas cosúil le salann a fheiceáil ag fás ar na ballaí. Stopfaidh sé sin nuair atá an balla go hiomlán tirim agus is féidir é a bhaint le scuab.
  • Mura dtriomaíonn na brící, iarr ar shaineolaí do theach a sheiceáil ar fhaitíos go bhfuil taise aníos ann.
  • Ba cheart clúdaigh ar aerbhrící a bhaint a luaithe a íslíonn an tuile.
  • Ná las tine i dtinteán brící go dtí coicís ar a laghad i ndiaidh tuile. Cruthófar gal mura bhfuil na brící tirim agus d’fhéadfaí damáiste a dhéanamh don simléar.

Urláir

  • Bain clúdaigh urláir ar nós vinile, cairpéid nó tíleanna. Ba cheart ábhar inslithe a d’éirigh fliuch a bhaint freisin, fáil réidh leis agus cuid nua a chur isteach ina áit.
  • Déanfaidh tuile an-damáiste d’urláir shlischláir agus ba cheart iad a bhaint agus cuid nua a chur isteach ina n-áit. Murar féidir é sin a dhéanamh, caithfear iad a threisiú le teanntóga adhmaid faoina mbun.
  • Ba cheart go dtriomódh na spásanna faoi urláir choincréite go nádúrtha agus ní chuirfear isteach ar an urlár. Má cheapann tú go dteastaíonn níos mó aerála, téigh i dteagmháil le tógálaí.
  • Má tá urláir adhmaid chrochta i do theach, ba cheart roinnt de na cláir a ardú ionas gur féidir aon uisce atá ann a bhaint. Is féidir é sin a dhéanamh ach draenáil trí aerbhrící, pumpa a úsáid nó, más gá, poill a ghearradh i mballaí lasmuigh do thí. Ná déan iarracht poill a ghearradh gan comhairle ó shaineolaí.
  • Más cosúil go bhfuil giarsaí urláir ag lobhadh, cuir cuid nua ina n-áit agus cuir cóireáil thart timpeall orthu le nach scaipeadh an lobhadh.
  • Ba cheart urláir nua a chur in áit urlár a d’ardaigh nó a scoilt mura dtéann siad ar ais ag an leibhéal ag a mbídís. Má tá siad ar an leibhéal a bhíodh ann, is féidir leat urlár eile a thógáil anuas orthu. Más gá é sin a dhéanamh, ba cheart galbhacainn a chur isteach eatarthu.
  • Is é an bealach is fearr le taise in urlár a sheiceáil ná le méadar. Is é an leibhéal taise sábháilte do bhogadhmad 18%.

Gloine agus Fuinneoga

  • Glan na fuinneoga ar fad agus cuir ola ar ghlais agus ar insí le nach gcreimfidh siad.
  • Is beag seans go gcuirfeadh tuile isteach ar ghloiniú singil, ach seiceáil bail an phuití, na nglas ar na fuinneoga, etc., chun a chinntiú go bhfuil an fhuinneog slán.
  • Ba cheart aonaid déghloinithe a sheiceáil chun a chinntiú nár chreim an tuile an séala ar an imeall. Seiceáil nach bhfuil puiteach agus uisce i log na bhfuinneog agus frámaí dorais. Má tá taise taobh istigh den ghloine, druileáil poill ag barr agus bun an fhráma chun í a dhraenáil. Má tá comhdhlúthú idir na frámaí, teastóidh aonaid nua.
  • D’fhéadfadh saisfhuinneoga dul as a riocht agus at i ndiaidh tuilte. Ná brúigh oscailte iad mar go bhféadfá níos mó damáiste a dhéanamh. Ba cheart go laghdódh an t-at tar éis dóibh triomú. Mura laghdaíonn sé go hiomlán fiú nuair atá an t-adhmad go hiomlán tirim, is féidir é a phlánáil le dul isteach sa fhráma arís.
  • Más gá saisfhuinneoga a oscailt chun cabhrú leis an teach triomú, bain an feirbeadh agus an tsais oscailte. Is féidir feirbeadh sealadach a scriúáil isteach le go mbeidh an teach níos sábháilte mura bhfuil aon duine sa bhaile

 

Adhmad

  • Más féidir adhmad a thriomú laistigh de chúpla seachtain, is beag seans go lobhfaidh sé.
  • Caithfear ballaí frámaí adhmaid a nochtadh go hiomlán má mhair an tuile níos mó ná cúpla uair an chloig. Chun é sin dhéanamh, ba cheart plástarchlár, scannáin rialaithe gaile agus insliú a bhaint suas go dtí an leibhéal is airde ag a raibh an tuile.
  • D’fhéadfadh frámaí fuinneoige adhmaid at agus greamú nuair atá siad fliuch. Iarr ar shaineolaí seiceáil an bhfuil aon lobhadh ann. Is féidir adhmad fliuch a chóireáil le dalláin chaomhnaithe. Nuair a thriomaíonn na frámaí, is féidir iad a athchóiriú.
  • D’fhéadfadh staighre adhmaid éirí míshocair agus lag. Seiceáil taca an staighre agus, más gá, treisigh í le teanntóga breise. Daingnigh snáitheanna scaoilte nuair a thriomaíonn an staighre.
  • Tógtar doirse dóiteáin le sraitheanna de chumasc dófhriotaíoch a phacáiltear ina láir. Is féidir le tuilte damáiste buan a dhéanamh díobh sin, mar sin ba cheart doirse nua a fháil ina n-áit i gcónaí.
  • D’fhéadfadh drochbhail a bheith ar fhrámaí dorais agus cásáil adhmaid atá greamaithe den bhalla i ndiaidh tréimhsí fada triomaithe.
  • Má tá níos mó ná 18% taise i mbogadhmad, d’fhéadfadh fungais tosú ag fás.

 

Maisiú Intí

  • D’fhéadfadh clúdaigh bhalla a bhfuil tréscaoilteacht íseal leo, ar nós páipéar balla vinile, péint lonrach agus tíleanna, cur isteach ar an bpróiseas triomaithe. Bain na clúdaigh bhalla ó thaobh amháin ar a laghad de na ballaí inmheánacha chun an próiseas triomaithe a dhéanamh níos tapa.
  • D’fhéadfadh landairí cuaillí adhmaid lobhadh mura dtriomaíonn siad i gceart.
  • Ná déan aon mhaisiúchán ar feadh trí mhí ar a laghad i ndiaidh do na ballaí triomú agus aon deisiúchán a theastaíonn a chur i gcrích. Má chuirtear péint nó páipéar ar na ballaí róluath, d’fhéadfaidís clogadh, d’fhéadfadh múscán fás orthu, nó d’fhéadfadh an páipéar titim de na ballaí.
  • D’fhéadfaí smál a fhágáil ar na ballaí má úsáidtear péint eibleachta. D’fhéadfaí é sin a sheachaint ach péint olabhunaithe nó péint a choisceann smál a úsáid sula n-úsáidtear an phéint eibleachta.
  • Más slischlár atá sna haonaid sa chistin, déanfaidh tuilte an-damáiste dóibh. D’fhéadfadh slischlár at, dul as a riocht nó éirí lag. Ní féidir iad a dhíghalrú i gceart agus ba cheart iad a chaitheamh amach. Cuimhnigh ar adhmad ceart nó plaisteach a chur ina n-áit, go háirithe má tá seans ann go dtarlódh tuilte arís amach anseo.

Damáiste Struchtúir

D’fhéadfadh nach bhfeicfí damáiste struchtúir ar feadh roinnt ama i ndiaidh tuile. Seiceáil an teach go rialta agus cinntigh nach bhfeiceann tú na comharthaí seo a thabharfadh leid go raibh fadhb ann:

  • Athruithe ar líne nó ar chuma chíor mhullaigh an dín (beidh sé níos éasca é sin a sheiceáil amach ón teach).
  • Ballaí ag lúbadh, a aithnítear de bharr scoilteanna cothrománacha nó cuid den bhalla a bhog as ailíniú ingearach.
  • Scoilteanna ingearacha nó trasnánacha a léiríonn gur shocraigh ballaí nó bonnra.
  • Cuid den teach ag lúbadh nó curtha as áit.
  • Sciúradh domhain a fhágann go bhfuil an bhunsraith le feiceáil.
  • Aon scoilteanna níos mó ná 5 mm os cionn fuinneog nó doirse.

Má fheiceann tú aon rud mar sin, téigh i dteagmháil le do chuideachta árachais láithreach agus faigh comhairle ó innealtóir struchtúr nó suirbhéir.

Bíonn Oifigigh Rialaithe Foirgníochta i ngach Údarás Áitiúil in ann comhairle agus treoir a thabhairt faoina chinntiú go gcloífidh aon obair a bheartaítear leis na rialacháin tógála.

Ballaí

  • Triomóidh ballaí traidisiúnta brící nó coincréite go maith go hiondúil. Cinntigh go bhfuil na brící glan agus oscailte don aeráil.
  • Cuir uisce ar bhallaí seachtracha le píobán agus sciúr iad.
  • D’fhéadfá púdar bán a bhreathnaíonn saghas cosúil le salann a fheiceáil ag fás ar na ballaí. Stopfaidh sé sin nuair atá an balla go hiomlán tirim agus is féidir é a bhaint le scuab.
  • Má theastaíonn uait an próiseas triomaithe a bhrostú, téigh i gcomhairle le tógálaí gairmiúil faoi ghaothairí a chur isteach gach méadar nó mar sin timpeall ar an teach ar fad ar leibhéal an chúrsa taisdíonaigh agus ag barr na gcuas taobh thiar de chumhdach cloiche.
  • Iarr comhairle ghairmiúil má cuireadh séaltáin taise ar bhallaí an tí toisc go bhféadfaidís cur isteach ar an bpróiseas triomaithe.
  • Bain aon dríodar nó smionagar mór atá ag luí in aghaidh na mballaí mar go mbrúfaidh siad ar an ballaí agus gur cheart iad a bhaint de réir a chéile go cúramach. Má tá ualach ar bhalla taobh istigh agus taobh amuigh, déan iarracht na leibhéil a choinneáil cothrom agus tú á bhaint.
  • Iarr ar shaineolaí cuasa ballaí a sheiceáil le cinntiú go bhfuil na ballaí slán. Má tá ballacheangail creimthe, iarr ar shaineolaí cuid nua a chur isteach ina n-áit.

 

Plástar agus Tirimlíneáil

  • Súnn plástar gipsim go leor uisce isteach agus rachaidh sé as a riocht i dtuile. Caithfear obair phlástair nua a chur in áit aon chuid a ndearnadh damáiste di, ach fan go mbeidh tú cinnte go bhfuil deireadh leis an mbogadh scoilteanna agus le deascadh salainn.
  • Nuair atá plástar nua á chur isteach, cuimhnigh ar phlástar tancála a úsáid mar go bhfuil sé níos fearr in ann ag tuilte.
  • Má tá plástarchlár ann, bain na cláir sciorta. Ansin gearr nó druileáil poill tríd an bplástarchlár nó tirimlíneáil chun aon uisce atá iontu a dhraenáil agus chun cabhrú leis an aeráil.
  • Tá sé riachtanach go mbeadh na ballaí go hiomlán tirim taobh istigh sula gcuirtear tús le haon mhaisiúchán.

Insliú

  • Caithfear insliú fliuch a bhaint mar nach mbeidh sé éifeachtacht níos mó agus go gcuirfidh sé isteach ar an bpróiseas triomaithe. Beidh insliú nua le cur isteach ina áit.
  • Is greannaitheoir é insliú snáithínghloine. Má tá sé le baint, bíodh éadach cosanta ort.
  • Má cheapann tú go ndearna an tuile damáiste d’insliú i gcuas balla, iarr comhairle ar shaineolaí sula ndéanann tú iarracht é a bhaint.