Cookie Settings

CUMHDACH ÁRACHAIS

 

Nuair atá éileamh á dhéanamh ar d’árachas mar gheall ar dhamáiste a rinne tuilte, ná déan dearmad ar na treoracha seo a leanas:

  • Cuir glaoch ar líne chabhrach 24 uair an chloig do chuideachta árachais chun tús a chur leis an bpróiseas a luaithe is féidir.
  • Eagraigh pumpáil éigeandála agus obair dheisiúcháin láithreach chun do theach a chosaint ar thuilleadh damáiste.
  • Faigh comhairle ó do chuideachta árachais faoi chonraitheoirí agus tógálaithe a bhfuil iontaoibh astu.
  • Seiceáil leabhrán do pholasaí chun feiceáil an gcumhdaítear an caillteanas nó damáiste faoi do pholasaí (beidh eolas ar shuíomh gréasáin do chuideachta árachais freisin). Má chumhdaítear iad, seiceáil teorainneacha an chumhdaigh sin.
  • Líon isteach an fhoirm éileamh ina hiomláine, ag deimhniú an chúis ar tharla an damáiste agus tabhairt meastacháin ar chostais deisiúcháin/athsholáthair.*
  • Seiceáil le d’árachóir má bhíonn ort bogadh go háit eile, toisc go gcumhdaítear é sin sa pholasaí go minic.
  • Cinntigh go bhfuil a fhios ag do chuideachta árachais cén chaoi le dul i dteagmháil leat má bhíonn ort bogadh amach as do theach.
  • Coinnigh taifead de do chomhfhreagras scríofa agus fóin ar fad le do chuideachta árachais.
  • Taifead an damáiste a rinne an tuile le grianghraif agus/nó físeán.
  • Marcáil an leibhéal is airde ag a raibh an t-uisce ar na ballaí mar thagairt.
  • Ná cuir tús le haon obair gan cead a fháil ar dtús ó do chuideachta árachais.

Más féidir, ná caith aon rud amach sula bhfeicfidh measúnóir é. Más gá, tóg grianghraf de na hearraí sula gcaitheann tú amach iad.

*Ná déan dearmad, ní conradh cothabhála é do pholasaí árachais.  D’fhéadfadh nach gcumhdódh do pholasaí gnáthchaitheamh agus cuimilt.