Cookie Settings

BAOL TUILTE A MHEASÚNÚ

Is é an bealach is éasca le fáil amach an bhfuil baol ann go mbeadh tuilte i do theach foghlaim faoi stair na dtuilte sa cheantar máguaird. Mar shampla, d’fhéadfadh go bhfuil baol ann go mbeadh tuilte i do theach má tharla a leithéid cheana nó má bhí tuilte sa cheantar roimhe seo. Murar chónaigh tú sa cheantar i bhfad, b’fhéidir go mbeadh a fhios ag do chomharsana nó ag staraí áitiúil ar tharla tuilte roimhe seo.

 

Bíonn eolas faoi bhaol tuilte ar roinnt suíomhanna gréasáin a ritheann Oifig na nOibreacha Poiblí:

  • Tá eolas faoi thuilte a tharla cheana agus léarscáileanna a thuarann tuilte ar fáil ar floodinfo.ie
  • Tá léarscáileanna faoi na contúirtí a bhaineann le tuilte cois cósta ar fáil ar floodinfo.ie.

Bealach eile leis an mbaol go mbeadh tuilte i do cheantar a mheas ná breathnú ar an talamh agus ar na sruthchúrsaí thart timpeall ort. D’fhéadfadh do theach a bheith i mbaol tuilte:

 

  • Má tá an teach in aice le foinse oscailte uisce, ar nós abhann, na farraige, locha, srutháin, díog nó draenacha.
  • Má tá an teach in ísleán (gleann beag nó log) nó i gceantar íseal ina bhféadfadh uisce bailiú.
  • Má tá íoslach i do theach.
  • Má léirítear baol tuilte ag suíomh do thí ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis

Má bhaineann aon cheann de na critéir sin le do theachsa, d’fhéadfadh do theach a bheith i mbaol tuilte mar gheall ar:

 

  • An iomarca báistí ag dul isteach in aibhneacha, srutháin, díoga nó córais uirbeacha draenála agus iad ag cur thar maoil dá bharr.
  • Tuilte ag dul thar bhruach abhann agus thar chosaintí ar thuilte agus ag doirteadh amach ar thuilemhá.
  • Stoirmeacha cois cósta ag sárú cosaintí cósta ar thuilte mar gheall ar bhorradh stoirme agus tonnta.
  • Díoga draenála, draenacha agus séaraigh atá blocáilte nó rólán ag cur thar maoil thar bhóithre, gairdíní agus isteach i bhfoirgnimh.
  • Uisce i séaraigh atá ró-lán ag sreabhadh ar ais sa teach.
  • Báisteach atá chomh trom sin go ritheann an t-uisce chun srutha thar an talamh síos le fána.
  • Báisteach ag fágáil an talamh ar maos agus leibhéil screamhuisce ag ardú agus ag cruthú tuilte dá bharr.

Tá sé tábhachtach go gcuimhneofaí go dtugann cosaintí ar thuilte, ar nós ballaí nó claífort, cosaint áirithe ar thuilte, ach nach cosaint iomlán iad. Féadfaidh tuilte tarlú i limistéir taobh thiar de na cosaintí sin mar gheall ar uisce taobh thiar de na cosaintí nach bhfuil in ann dul áit ar bith eile (ar nós uisce stoirme i ndiaidh báisteach throm) nó mar gheall ar thuilte ag dul os cionn na gcosaintí agus síos an taobh eile i rith imeachtaí thar a bheith dian. Má tá do theach taobh thiar de chosaint, beidh níos lú tuilte ann ná mar a bheadh gan na cosaintí, ach beidh sé fós i mbaol.

Os Cionn na Talún

Is féidir le huisce dul isteach i do theach os cionn na talún mar seo a leanas:

 

  • Trí dhoirse agus fuinneoga (fiú agus iad dúnta!).
  • Trí aerbhrící nó oscailtí aerála eile.
  • Trí bhearnaí eile agus timpeall ar phíopaí agus cáblaí a théann trí na ballaí.
  • Trí chomhbhallaí má tá tuile sa teach béal dorais.
  • Trí scoilteanna san obair bhrící.
  • Trí obair bhrící, bloic, clocha agus moirtéal atá tréscaoilteach, síonchaite nó a ndearna damáiste dó.
  • Ag an gcúrsa taisdíonach.

Faoin Talamh

Is féidir le huisce dul isteach i do theach faoin talamh mar seo a leanas:

 

  • Teacht aníos trí na hurláir (nó trí bhallaí siléir nó íoslaigh) i gceantar ina bhfuil ábhar tréscaoilteach sa talamh, ar nós cailce, gairbhéil nó gainimh.
  • Trí thrinsí draenála i dtalamh neamhscagach.
  • Trí dhraenacha agus píopaí a théann isteach sa teach, ar nós:
    • – Leithris
    • – Doirtil
    • – Folcadáin
    • – Innill níocháin
    • – Miasniteoirí