Cookie Settings

AG ULLMHÚ DO THUILTE

Má tá cónaí ort in áit a bhíonn i mbaol tuilte, ba cheart duit a bheith réidh i gcónaí le haghaidh tuilte.
Is é an bealach is fearr lena chinntiú go bhfuil do theach cosanta ar dhamáiste ó thuilte ná tabhairt faoi ullmhúcháin fadtéarma.

  • Is féidir tuile-dhíonadh do bhallaí a fheabhsú le táirgí ar nós scannáin leachta, bratú polaiméire/stroighne, asfalt maisteogach nó scannáin leatháin réamhdhéanta.
  • Is féidir tuile-dhíonadh d’fhuinneog agus doirse a fheabhsú ach cinntiú go bhfuil an séala thart ar na frámaí slán agus nach bhfuil aon scoilteanna ann. Anuas air sin, cuir ruaim, péint nó vearnais olabhunaithe ar aon fhrámaí adhmaid.
  • Tá raon cosaintí sealadacha is féidir a úsáid chun do theach a chosaint i rith tuile, ar nós málaí gainimh, cláir tuilte agus cumhdach. Má tá tú ag cuimhneamh ar na táirgí sin a cheannach, d’fhéadfadh an t-eolas atá sa chuid Teach A Dhéanamh Tuile-Dhíonach cabhrú leat.
  • Má tá tú ag cur síneadh leis an teach nó ag déanamh aon obair thógála air, b’fhiú cuimhneamh ar scannán uiscedhíonach a chur sa bhunsraith. Cuimhnigh freisin ar insliú cuasbhalla cealla dúnta a chur ar leibhéal na talún agus cúrsa taisdíonach ardaithe. Ba cheart na soicéid leictreachais a chur os cionn pé airde ag a raibh tuilte roimhe sin agus ba cheart aon aonaid aerchóirithe, teasa nó gháis a chur thuas staighre nó san áiléar.
  • Bí cinnte go bhfuil aon srutháin, aibhneacha nó lochanna atá ar do thalamh in ann sreabhadh go héasca. Seiceáil nach bhfuil aon cheo ag cur bac ar an sruthán agus nár creimeadh na bruacha.
  • Cinntigh go bhfuil stór ábhar agat i gcónaí a chabhródh i rith tuile, ar nós sraithadhmaid, brait phlaisteacha, málaí gainimh (atá folamh), gainimh, tairní, casúir, sluaiste, brící, bloic adhmaid agus sáibh.
  • Bí airdeallach agus seiceáil do theach go rialta ar fhaitíos go dtiocfadh aon scoilteanna nó bearnaí san obair bhríce agus urláir nó thart ar fhuinneoga, doirse agus píopaí.
  • Má tá cónaí ort i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte, is fiú i gcónaí earraí pearsanta maoithneacha a choinneáil thuas staighre nó os cionn an leibhéal is airde tuile is féidir toisc nach féidir cuid nua a fháil ina n-áit. Ba cheart an rud céanna a dhéanamh le sonraí bainc agus árachais, chomh maith le huimhreacha teagmhála riachtanacha.
  • Ba cheart earraí luachmhara, ar nós ríomhairí glúine, táibléad, teilifíseán, etc., a stóráil os cionn leibhéal na talún freisin más féidir. Ba cheart ríomhaire glúine, cuir i gcás, a choinneáil ar bhord nó ar dheasc seachas é a chur faoi bhord.