Cookie Settings

AG TABHAIRT AIRE DO BHEOSTOC AGUS PEATAÍ

Má tá feirm agat, beidh ort smaoineamh ar do bheostoc má tharlaíonn tuile.
Má tá peataí sa bhaile agat, beidh ort cuimhneamh ar a sábháilteacht siúd.

Beostoc

  • Déan liosta d’uimhreacha fóin éigeandála, ina measc do chuid fostaithe, comharsana, tréidlia, tréidlia stáit, ionad rialaithe nimhe, tearmann áitiúil ainmhithe, cúram agus rialú ainmhithe, oifig áitiúil Teagasc agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
  • Bí chinnte go bhfuil aitheantas feiceálach agus a mhairfidh ar gach ainmhí.
  • Bí cinnte go bhfuil áit ard ag éanlaith chlóis le dul ar fara, chomh maith le bia agus uisce glan.
  • Bain sreang dheilgneach agus cuimhnigh ar sconsaí buana a chur in áit eile ionas gur féidir le hainmhithe dul go talamh ard i rith tuile.
  • Bí cinnte go bhfuil umair agat atá sách mór le huisce a chur ar fáil do d’ainmhithe ar feadh seachtaine.
  • Sainaithin foinsí malartacha uisce agus cumhachta. D’fhéadfadh go dteastódh gineadóir agus soláthar breosla a stóráiltear go sábháilte, go háirithe má tá trealamh leictreach agat atá riachtanach d’fholláine d’ainmhithe.
  • Má tá aon rud thart a d’fhéadfadh snámh ar an uisce agus bogadh thart, socraigh do daingean é nó bain é.
  • Sainaithin bealaí a bhféadfadh beostoc éalú go talamh níos airde agus imeacht ó na tuilte. Má tharlaíonn tuile, oscail geataí na feirme ionas gur féidir leis an mbeostoc dul go talamh níos airde.
  • Má tá an t-uisce ag ardú, déan iarracht an stoc a chur trí uisce nach bhfuil aon bhacainní ann.  Bíonn féaránaigh in ann snámh go maith, ach is fadhb mhór iad na sconsaí agus bacainní eile.

Peataí

  • An bhfuil plean agat do do pheata má tharlaíonn tuile? Bíodh soláthairtí agus plean agat roimh thuile; tabharfaidh sé faoisimh intinne duit, sábhálfaidh sé am a bheidh gann agus d’fhéadfadh sé do pheata a shábháil.
  • Bí cinnte go bhfuil ainmchlib láidir ar do pheata a bhfuil d’ainm agus d’uimhir fóin air.
  • Má théann tuile isteach i do theach, cuir na peataí thuas staighre nó i gcásanna os cionn leibhéal an uisce.
  • An bhfuil aon duine ar fáil le haire a thabhairt do do pheata i rith tuile, má bhíonn ort an teach a fhágáil?
  • Má bhíonn ort an teach a fhágáil, beidh soláthairtí ag teastáil do do pheata, ar nós:
    • cliathbhosca láidir agus/nó iompróir/cás.
    • fearas garchabhrach do pheataí.
    • iall agus úim nó coiléar.
    • babhlaí nach ndoirteann.
    • más cat atá agat, tráidire easair chait agus easair.
    • bia agus uisce.