Cookie Settings

Pleanáil Ullmhaigh Cosain

Is é aidhm an tsuímh gréasáin seo ná an pobal a chur ar an eolas faoin gcontúirt a bhaineann le tuilte agus faoi bhearta is féidir a ghlacadh chun an damáiste a d’fhéadfadh tuile a dhéanamh a íoslaghdú.

Pleanáil Ullmhaigh Cosain

Is é aidhm an tsuímh gréasáin seo ná an pobal a chur ar an eolas faoin gcontúirt a bhaineann le tuilte agus faoi bhearta is féidir a ghlacadh chun an damáiste a d’fhéadfadh tuile a dhéanamh a íoslaghdú.

Tuilte in Éirinn

Is cuid nádúrtha, nach féidir a sheachaint, de shaol na hÉireann iad tuilte. Tarlaíonn siad go hiondúil mar gheall ar chúpla imeacht a thagann le chéile, bruacha abhann atá ag cur thar maoil, stoirmeacha cois cósta nó díoga draenála atá blocáilte nó ró-lán ina measc. Tharla go leor tuilte tromchúiseacha ar fud na tíre le deich mbliana anuas.

Ach ní bhíonn baol ag baint le tuilte mura bhfuil daoine, réadmhaoin, an comhshaol agus ár n-oidhreacht chultúrtha i gcontúirt. Is féidir linn an baol go dtarlódh tuilte agus a dtionchar dá réir a laghdú leis na bearta cearta.

Beartas

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag comhordú cur chuige Rialtais uile na hÉireann i leith bainistíocht riosca tuilte i dtrí réimse straitéiseacha agus beartais:

  • Cosc: e.g. tógáil i gceantair ina mbíonn tuilte go minic.
  • Cosaint: e.g. bearta indéanta a ghlacadh, idir struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha, chun an baol go dtarlóidh tuilte agus a dtionchar a laghdú.
  • Ullmhacht: e.g. an pobal a chur ar an eolas faoi dhul i ngleic le baol tuilte agus le tuile.

Eolas faoi Thuilte

Seo roinnt eolais a léiríonn chomh contúirteach is a bhíonn tuile:

  • D’fhéadfadh 300 mm d’uisce a bhfuil sruth sciobtha ann gach carr nach mór a bhrú den bhóthar.
  • Ní theastaíonn ach 150 mm d’uisce a bhfuil sruth sciobtha ann chun thú a leagan go talamh.

Tá níos mó eolais ar fáil ar Eolas Faoi Thuilte.

 

Feasacht an Phobail

Féadfaidh daoine agus pobail tionchar tuile a laghdú má réitíonn siad iad féin roimh ré.  Tá sé d’aidhm leis an suíomh gréasáin seo cúnamh praiticiúil a thabhairt d’úinéirí tí agus gnóthaí atá i mbaol tuilte.  Tugtar eolas freisin faoi na daoine a chabhróidh leat i rith tuile.

Ritheann an Oifig Pleanála Éigeandála feachtas bliantúil Bí Ullamh don Gheimhreadh a thugann comhairle phraiticiúil faoi dhul i ngleic le drochaimsir amach is amach.  Tá eolas ar fáil ar winterready.ie agus tugtar an nuacht agus an t-eolas is deireanaí ar Twitter @emergencyIE má bhíonn an aimsir an-dona go deo.

D’fhoilsigh Oifig na nOibreacha Poiblí léarscáileanna tuilte a léiríonn na ceantair atá i mbaol. Tá na léarscáileanna sin ar fáil ar floodinfo.ie.  Tá níos mó eolais faoi Oifig na nOibreacha Poiblí agus faoi ghníomhaíochtaí Bainistíochta Riosca Tuilte in Éirinn ar fáil ar opw.ie.

Tá seirbhís foláirimh aimsire ag Met Éireann atá ar fáil ar aip Met Éireann nó trína suíomh gréasáin, met.ie.

D’fhorbair Oifig na nOibreacha Poiblí cáipéis treorach a dhírítear ar úinéirí talún nó réadmhaoine atá lonnaithe ar bhruach sruthchúrsa – idir nádúrtha agus saorga. Tugtar bruachúinéirí ar úinéirí talún dá leithéid go minic. Caithfidh bruachúinéirí a bheith ar an eolas faoina gcearta agus faoin bhfreagrachtaí i leith na sruthchúrsaí. Tá cúnamh agus comhairle phraiticiúil ar fáil sa cháipéis treorach ar líne seo faoi shruthchúrsaí a bhainistiú.

Níl san eolas a thugtar ar na leathanaigh seo ach treoir. Roinntear iad chun go mbeadh teacht níos fearr ag an bpobal ar eolas faoi thuilte. Cé go ndéantar gach iarracht nuair atá ábhar á réiteach lena bhfoilsiú, ní ghlacann Oifig na nOibreacha Poiblí le haon fhreagracht, ná ní ghlactar le haon fhreagracht ar a son, as aon earráidí, ábhar in easnamh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon suíomh a gceanglaíonn na leathanaigh seo leo.