
Cad ba chóir a dhéanamh má bhíonn tuile ann?
Tá tuile ag teacht! Cad a dhéanfaidh mé?
Bileog a Íoslódáil - Má bhíonn tuile ann (66 kbs)
Má cheapann tú go bhfuil tuile ag teacht, ná lig do líonrith teacht ort! Féach ar do Phlean Tuile don Teaghlach lena chinntiú go bhfuil a fhios agat cad atá le déanamh.
Tá na gníomhartha ar féidir a ghlacadh láithreach roimh tuile chun damáiste a laghdú agus chun go theaghlach a choimeád sábháilte léirithe thíos.

Istigh i do theach
- Tóg rudaí luachmhara agus rudaí eile go háit sábháilte. Cur os cionn leibhéal na tuile nó thuas staighre iad. (B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr míreanna dá leithéid a choimeád thuas staighre nó ar sheilfeanna arda de ghnáth).
- Déan cairpéid agus rugaí a rolla suas agus cuir in áit sábháilte iad.
- Folmhaigh aon troscán nach féidir a bhogadh agus cur an líonadh thuas staighre.
- Ardaigh aon troscán nach féidir a bhogadh ar bhricí nó bhloic. Déan na píosaí seo a bhogadh ó na ballaí chun cabhrú le triomú níos déanaí. Má tá sé ró dheacair píosaí a ardú cur meáchan orthu lena chinntiú nach snámhfaidh siad ag déanamh damáiste d'fhuinneoga, 7rl.
- Tóg na cuirtíní má bhíonn am agat, mura mbíonn, déan iad a cheangal thar ráille an chuirtín.
- Bain na doirne de chaibnéid agus na doirse inmheánacha má tá an t-am agat, mura bhfuil fág ar oscailt iad.
- Cuir málaí gainimh in aon oscailt ar féidir leis an uisce teacht isteach ann.
- Múch an gáis agus an leictreachas.
- Déan chócaireáin, innill níocháin, niteoirí miasa 7rl a dhínascadh atá ceangailte le píobáin droimneacha chun aon damáiste don inneall agus na píobáin a chosc.
- Déan aon rudaí leictreacha a choimeád thuas staighre nó os cionn leibhéal na tuile.
- Bí ullamh chun do theach nó ghnó a aslonnú. Cosain tú féin, do chlann agus daoine eile a bhfuil do chabhair ag teastáil uathu.s
- Bíodh éadaí te agus buataisí réidh agat.
- Bíodh leigheas agat (más gá).
- Déan stoic uisce/bia a sheiceáil.
- Comhoibrigh le seirbhísí éigeandála agus údaráis áitiúla. D'fhéadfadh sibh a bheith aslonnaithe go hionaid éigeandála.
Lasmuigh de do theach
- Cur do ghluaisteán ar thalamh ard más féidir.
- Déan aon rud lasmuigh, cosúil le troscán an ghairdín a bhogadh go talamh níos airde. Smaoinigh gur féidir le huisce tuile dul isteach i do gharáiste, mar sin, tóg aon cheimicí nó bhreosla chun a chinntiú nach ndoirteann siad isteach in uisce na tuile, áit go dtarlóidh a thuilleadh damáiste.
- Cuir meáchan ar aon chlúdaigh dhúnphoill le málaí gainimh nó rudaí troma. D'fhéadfadh siad seo oscailt le linn tuile agus a bheith guaiseach.
- Dún na comhlaí sreabhaidh ar umair phropáin, dhrumaí ola, nó árthaí breosla eile a thugann breosla don teach trí phíopaí agus fheisteas.
- Bain an dallán ó aon chónasc leictreach lasmuigh, cosúil le soilsiú, lasmuigh, pumpaí linne nó scagairí.
- Múch an soláthar uisce don gháirdín.
- Déan féitheach a cheangal.
- Féach an bhfuil ceangail chrainn slán ar chrainn a cuireadh le déanaí.
- Déan caighin torthaí agus frámaí fuaire a ródáil i gcoinne damáiste stoirme nó bain anuas iad má tá an t-am agat.
- Tóg míreanna luachmhara nó maoithneacha agus déan iad a stóráil istigh nó ar thalamh níos airde.
- Déan plandaí teorann maoineacha a bhogadh go ceapacha airde, seastáin phlandaí nó árthaí troma.
- Follmhaigh lomairí faiche de pheitreal.
- Cuir uirlisí garraíodóireachta faoi ghlas.
- Úsáid málaí gainimh nó boird tuile ar thithe gloine agus bhotháin.
- Déan aon bharraí ar féidir aibiú laistigh a bhaint, ar nós trátaí.
