I ndiaidh tuille
Céad rudaí ar dtús
- Ag Tosú
- Loss assessing ga
- Ag glanadh suas do theach
- Triomú amach
- Deisiúcháin
- Seirbhísí a Aisiriú
- Sa ghairdín
Bileog a Íoslódáil - I ndiaidh tuile (71 kbs)
Ná ath-áitigh do theach go dtí go bhfuil sé glanta, díghalraithe agus triomaithe. Ba chóir gach seirbhís bunaithe ar leictreachas, ghás nó bhreosla a bheith seiceáilte ag duine gairmiúil roimh iad a lasadh.
Is féidir le tuilte an bonn a bhaint ó dhúshraitheanna mhaoin, é a lagú go struchtúrach agus rudaí troma ar nós troscán a bhogadh go suímh éadaingne.

Agus tú ag dul isteach i maoin tar éis tuile, glac na réamh-chúraimí seo a leanas:
- Glac leis go bhfuil gach líne cumhachta beo. Bí cinnte go bhfuil an chumhacht múchta sa mhaoin sula ndéanann tú aon rud.
- Déan seiceáil do bholadh gáis agus bí cinnte go bhfuil na línte múchta.
- Agus tú ag dul isteach i seomra, féach ar an séileáil i gcóir aon scoilt nó bolg. Tá plástar fliuch an-trom agus cuireann sé bagairt ar struchtúr an fhoirgnimh.
- Má bhíonn do íoslach báite, ná bíodh deifir ort an t-uisce a phumpáil amach as. Má bhíonn an talamh lasmuigh báite, d'fhéadfadh sé brú anacair a chur ar bhallaí an íoslaigh.
- Bí cúramach agus treascarnach á bhogadh agus lorg cabhair le rudaí troma nó éadaingne a d'fhéadfadh tú a sháinniú nó a bhrú.
- Ná téir isteach in aon fhoirgneamh atá lín mhóra dríodair istigh ann nó in aice leis, toisc an fhoirgnimh a bheith éadaingean.
- Bí cúramach ag bogadh timpeall laistigh den fhoirgneamh, is féidir le huisce réidh a lán guaiseanna a chlúdach.
- Siúil go mall agus go cúramach agus tú ag siúl timpeall foirgneamh faoi thuile.
- Bí ag faire amach do mhíolra nó ainmnithe fáin a d'fhéadfadh a bheith tar éis dídean a fháil i do mhaoin le linn na tuile. Bí cúramach ag teacht cóngarach d'aon ainmhí agus má tá tú buartha glaoigh ar an maor ainmhithe áitiúil.
- Cuimhnigh gur féidir le fual fhrancaigh a bheith mar chúis leis an ngalar Weil's, mar sin bí cúramach gan tú féin a chur i dteagmháil le haon uisce a chreideann tú go raibh francaigh ann.
- D'fhéadfadh uisce réidh a bheith mar shuíomh fholaíochta do mhicreaorgánaigh a scaoiltear isteach san aer nuair a suaitear an t-uisce. D'fhéadfadh said seo a bheith dainséarach don sláinte má dhéantar iad a ionanálú. Tóg gach rud ón uisce chomh luath agus is féidir agus cur masc cosanta ort féin má tá an plúchadh nó fadhbanna cliabh ort.
- Cuimhnigh gur féidir le huisce a bheith truaillithe - Nígh do lámha le díghalrán má thagann siad ar uisce tuile nó treascarnach cré.
Nuair a bhíonn tú sásta go bhfuil sé sábháilte dul isteach i bhfoirgnimh, tá roinnt rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh roimh thosnú ar an nglanadh.
- Déan an damáiste de bharr na tuile a thaifeadadh ar cheamara nó ar thaifeadán videó.
- Déan léibhéal an uisce a mharcáil ar na ballaí mar thagairt.
- Seiceáil le do chomhlacht árachais. De gnáth, íocfaidh siad as an nglanadh suas a thagann tar éis tuile. D'fhéadfá bheith i dteideal cúnamh eile a fháil chomh maith.
- Bí cinnte i gcónaí go bhfuil cead tugtha ag do chomhlacht árachais roimh aon obair a thosú.

