Tuile agus gnó
Ullmhú do thuilte
Bileog a Íoslódáil - Tuilte agus Úinéirí Gnó (66 kbs)
Féach ar do pholasaithe gnó, agus smaoinigh futhu a bheith cuí i gcás tuile. B'fhéidir go mbeadh ort do ghnáthaimh a athrú le n-ullmhú do thuile.

Gnáthaimh slándála
- Gnáthaimh slándála - Fuinneoga agus doirse a chur faoi ghlas, agus an t-alárm a shocrú. B'fhéidir go mbeadh níos mó ná duine amháin ag teastáil chun é seo a dhéanamh.
- Polasaithe árachais - An bhfuil árachas agat in aghaidh dámaiste tuile, cur isteach ar an gnó agus ioncam caillte?
- Lámhleabhair d'fhostaithe - D'fhéadfá sábháilteacht tuile a chur le pacaí eolais foirne, nó sonraí poist a athrú chun dualgais mhaoir tuile a chur san áireamh.
- Plean d'ábhair ghuaiseacha - Caithfidh tú a bheith cinnte go gcoimeádfaí ceimiceáin, olaí nó ábhair eile i do sheilbh in áit shábháilte agus nach dtruaillíonn siad uisce tuile.
- Measúnú sláinte agus sábháilteachta - Déan seiceáil rialta go bhfuil táirgí tuile agus córais rabhaidh tuile ag feidhmiú i gceart, mar a dhéanann tú le trealamh sábháilteachta tine.
Teagmhálacha tábhachtacha
- Déan liosta d'uimhreacha gutháin tábhachtacha, ag cur san áireamh uimhreacha teagmhála do sholáthraithe gáis, leictreachais, uisce agus gutháin.
Foireann
- Déan liosta de shonraí teagmhála fostaithe in aghaidh tréigthe. D'fhéadfadh uimhreacha gutháin phóca, nó uimhreacha a mbaile nó baile cara nó gaolta a bheith san áireamh anseo.
- Cuimhnigh ar bhaill fhoirne a bheadh cabhair speisialta ag teastáil uathu i gcás tuile (m.sh. duine aosta, bodhair, dall agus araile.)
Príomh shuímh
- Bíodh suímh na bpóintí scoite don ghás, leictreachas agus uisce ar eolas agat. Go hidéalach, ba chóir iad seo a mharcáil ar léarscáil atá stóráilte le do phlean tuile.
- Bíodh suíomh cheimiceáin, ola nó ábhair eile a d'fhéadfadh a bheith dáinseárach nó a thruailleodh uisce tuile ar eolas agat. Ba chóir iad a stóráil slán ó thuilte agus damáiste eile.
Gníomhaíochtaí cosanta
- Tabhair faoi deara príomh stoic, trealamh agus earraí ar a mbeadh cosaint speisialta riachtanach ó uiscí tuile.
- Déan na rudaí a bheadh uait i rith nó tar éis tuile a mheas (.i. málaí gainimh, leatháin phlaisteacha, callaire agus araile.)
- Féach ar féidir príomh-oibreacha a bhogadh timpeall, ar nós longseoireacht agus glacadóireacht nó seirbhísí custaiméara, go foirgneamh eile.
Soláthraithe agus naisc seachtracha
- Déan táirgí agus seirbhísí a aithint nach mbeadh riachtanach duit i gcás tuilte, nó nach bhféadfadh soláthraithe a chur ar fáil. Déan pleananna nó socruithe tionlacain do sheachadtaí a chur ar cheal gan chairde.
- Smaoinigh ar chonraitheoireacht ar aghaidh le comhlachtaí a d'fhéadfadh cabhair riachtanach a thabhairt duit i ndiaidh tuile. Seachnaíonn sé seo an dírathú de chabhair a lorg in am éigeandála, agus cuireann sé suíomh níos fearr tú chun idirghabháil a dhéanamh ar chostais.
- Déan daoine a aithint a d'fhéadfadh cabhrú leat roimhh, i rith agus tar éis tuile.

