An bhfuil mé i mbaol tuile?
Comharthaí rabhaidh
- Conas a thagann uisce isteach sa teach?
- Cén tionchar a bheidh ar mo chuid mhaoine agus mo
- Cén tionchar a bheidh ag an tuile orm?
Slí simplí chun an baol tuile ar do mhaoin a mheasúnú ná stair tuilte an cheantair mórthimpeall a fháil amach agus an áit timpeall ar do mhaoin a mheas.

Mar shampla, dfhéadfadh do theach a bheith i mbaol tuile má:
- Raibh tuile i do theach cheana.
- Raibh tuile i do cheantar cheana.
- Tá imní áitiúil i do phobal faoin mbaol tuile.
- Tá do theach i ngar do fhoinse uisce oscailte, ar nós abhainn, na farraige, loch, sruthán, díoga nó draenacha.
- Tá do theach lonnaithe i log nó limistéar íseal inar féidir le huisce tuile bailiú.
- Léiríonn léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis 'i mbaol tuile' ar shuíomh do mhaoine.
Mura bhfuil tú i do chónaí san áit le fada, bheadh a fhios ag do chomharsana nó staraí áitiúil má raibh aon tuile sa cheantar cheana.
Ó lár Deireadh Fomhair 2006 ar aghaidh beidh eolas ar áiteanna den tír a dfhéadfadh tuile a bheith ann go minic le fáil ar shuíomh gréasáin Oifig na nOibreacha Poiblí. www.floodmaps.ie ar féidir teacht ar trí phríomh-shuíomh gréasáin OPW www.opw.ie chomh maith.
Má bhaineann aon chuid den chritéir thuas le do mhaoin dfhéadfá a bheith i mbaol tuile de bharr:
- Aibhneacha a líonann le titim báistí, srutháin agus díoga os cionn a gcumas sreafa.
- Uisce tuilte ag sceitheadh thar bhruacha abhann agus chosaint tuile isteach ar thuilemhánna.
- Stoirmeacha cósta ar a mbíonn oslíonadh agus briseadh na gcosaintí cósta i gcoinne tuile de dheasce borann stoirme agus gníomhaíocht tonnta.
- Díoga draenála atá druidte nó atá anluchtaithe, díoga nó séaraigh ag sceitheadh trasna bóithre, gairdíní agus isteach ar mhaoin.
- Séaraigh anluchtaithe le cúlsreabhadh ar mhaoin.
- Baisteach atá chomh trom go ndéanann rith-síos sceitheadh thar talamh, síos cnoic agus fánaí.
- Baisteach ag sú isteach ar an talamh ag déanamh leibhéil screamhuisce a ardú agus tuile a dhéanamh.
Bileog a Íoslódáil - Fíricí faoi thuilte (929 kbs)

